|
|





Beidh an fhéile ar siúl le linn deireadh seachtaine agus i measc imeachtaí na féile beidh taispeántais chócaireachta, biachláir speisialta sna mbialanna, margadh bia, mórthaispeántas cáise agus fíona, seimineáir fíona agus rianta cócaireachta. Taispeántais chócaireachta: Cuirfear cistin shoghluaiste le chéile in Eaglais Naomh Shéamuis agus tabharfaidh cócairí áitiúla agus náisiúnta araon taispeántais d'ullmhúchán béilí éagsúla. Chomh maith leis sin beidh cúrsaí cócaireachta do leanaí agus do dhéagóirí ar bun sa scoil. Biachláir speisialta: Cuirfidh bialanna biachláir bhlaisíneachtaí éagsúla ar fáil oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn le linn na féile. Léireoidh na biachláir scileanna na gcócairí agus beidh táirgí agus téamaí áitiúla le blas iontu. Margadh bia: Beidh margadh bia agus fíona os comhair na heaglaise. Tabharfar áit ar leith do tháirgeoirí/ghnónna Chiarraí nó áitiúla. Cáis agus Fíon: Beidh turas blaiseadh cáise agus fíona faoi stiúir Sheridan Cheese Mongers ann, chomh maith le seimineáir agus blaisíneacht ar cháiseanna agus ar fhíonta Éireannacha. Trialacha Cócaireachta Bia: Nascfaidh siopaí le tairgeoirí ceardaíochtabia chun aird a tharraingt ar a mbia agus a siopaí araon. Blaiseadh oisrí i ndánlann, seimineár ar luibheanna in ionad garraíodóireachta, blaiseadh fíona i mbúitíc éadaigh - agus níl anseo ach cúpla sampla de na naisc a d'fhéadfadh a bheith ann. Scannáin bhia: Beidh scannáin le téamaí bia iontu á dtaispeáint sa Phoenix Cinema le linn an deireadh seachtaine ar fad. Siúlóid sealgaireachta: Stiúrfaidh Kevin Flannery siúlóid a léireoidh an slí is fearr le dul i mbun sealgaireachta do bhia fiáin agus maireachtáil ar bhia an chósta. Ceant Carthanachta Éisc: Beidh ceant carthanachta éisc ar an gcé. |
Beidh Féile Bhia agus Fíona Chorca Dhuibhne ar siúl don chéad uair idir an 12 -14 Deireadh Fómhair 2007, sa Daingean agus timpeall an Daingin, Contae Chiarraí. Is ag deireadh mhí na Bealtaine a bheidh sí ann sna blianta amach romhainn. |
Forbhreathnú |
Féile Bia agus Fíona Corca Dhuibhne |
3 - 5 Deireadh Fómhair 2008 |